Bhíodh sé ar an Aifreann agus bhíodh sé ag feiceáil na daoine ag teacht na bhaile as Albain agus ó áiteanna eile agus iad gléasta go deas, rothair leo agus srl. Chuaigh sé amach ag an Raibeal i Leitir Ceanainn le fear as an bhaile, bhí sé 14 bliana d’aois ag an am. Ní raibh dúil aige ann, dar leis go raibh na páistí cosúil le ainmhithe a bhí le díol ag an aonach. Páistí bochta a bhí ann. Thógtaí iad ar feadh 3 nó 6 mhí freastail. Pá de £2 a bhí ar 3 mhí agus £4 ar feadh 6 mhí. Níor imigh Seán le duine ar bith, tháinig sé na bhaile arís. | 00:06:43 | |